Stair Na Ceiltigh

Tá stair fada agus amhra ag club Cheiltigh Ghaoth Dobhair. Is é ceann de na clubanna is síne san tír. Cé go raibh siad gníomhach ó dheireadh an naoú haois deag, sé ins na blianta 1912-1918 a tháinig fás ar chlú an chlub. Le linn an tréimhse sin, níor chaill siad ach clúiche amháin agus bhuaigh siad an-chuid corn. Nuair a bheadh siad ag taisteal as baile go clubanna mar shampla an Chreamhghoirt, Baile na nGallóglach agus na Gleannta, ba ghnáth leo taistil ar carranna cliáthanach thar oíche. Bhí imreoirí mór le rá ag imirt don club ag an am ; Charlie Ó Frighil (seanuncail paddy Crerand), Michéal Mac Giolla Bhríde, Barney Mac Gairbheith, Tomás John Mac Giolla Bhríde, Willie Coppins, Dónal Shein Ó Gallachóir agus Paddy Mac Phaidín a d’imir sacar proifisiúnta sna Stáit Aontaithe, san áireamh.

 

Tháinig meath mór ar an chlub sna 1930í, 40í agus 50í mar gheall ar an club C.L.G a bunaíodh sa pharóiste sa bhliain 1931. Mhair an meath go dtí na 1950í nuair a bunaíodh Sraith an Iarthuaiscirt sa bhliain 1952. Ba é Con Mac Phaidín (Bun an Inbhir) a chur tús le Club Cheiltigh an Ghlaisigh. Bhí ról mór ag an bheirt deartháir Francis agus Barney Coyle le cois Mickey Ó Gallachóir, Pádraig Mac Fhionnghaile, Jimmy Coyle, Neily Mc Hugh, Colm agus Pádraig Ferry agus Murry Coyle sa chlub.

Bhí foirinn eile as Gaoth Dobhair páirteach sa tsraith céanna – Glaise Chú, Dynamos Chnoc Fola agus Doire Beaga Aontaithe. Leis an ardú mór in imirce sna 1950í, bhí deacrachtaí ag cuid de na clubanna foireann a chur ar an pháirc go minic. Bhí riail 27 an C.L.G fos i bhfeidhm, a cur cosc ar imreoirí páirt a ghlacadh i sacar agus peil Gaelach, is cinnte gur buaille marfach a bhí ann do na clubanna thuas luaite. I rith an tréimhse seo shocair Glaise Chú agus Dynamos Chnoc Fola aontú, níos moile chuaigh Doire Beaga Aontaithe isteach leo agus bunaíodh Ceiltigh Ghaoth Dobhair sa bhliain 1957.

Nuair a bunaíodh Ard Scoil Mhuire sa bhliain 1957 bhí éileamh níos mó ar spórt sna scoileanna. Ceann amháin de na clúiche a d’imir siad ná sacar. Bhí i bhfad níos mó sacar le feiceál ar an teilifís sna 1960í chomh maith, rud a chur go mór leis an tóir a bhí ar an spórt. Faoi dheireadh na 1960í ghlac Colm Mac Giolla Bhríde (iar scolaire Ard Scoil Mhuire) agus Fred Coll (a raibh i bhfad níos mó taithí aige), ceannaireacht ar na Ceiltigh. Bhí cuid mhór daoine eile páirteach sa chlub: Connie Ó Dufaigh, Joe Ó Gallachóir, Michéal Ó Colla, Dan Ó Dochartaigh, Micheál Ó Gallachóir, John Mac Aoidh, John Mac Phaidín, Jimmy Mac Gairbheith agus Tony Mc Cauley. Bhí an fhoireann fos ag glacadh páirt i Sraith an Iarthuaiscirt. Bhí bliantaí luath an chlub iontach crua, níor bhuaigh siad ach Corn Fháil Charraigh sa bhliain 1967. Ach bhí tairbhe ag teacht as polasaithe an óige Cholm. Bhí glúin óg imreoirí den scoth mar shampla Hughie Rua Ó Gallachóir, Dónal agus Eamon Mac Aoidh, Donnchadh agus Eamon Mac Niallis, Pádraig, Jerry agus Brian Coyle, Pat Doohan (ar shlí na fírinne), Dermot Ó Colla, Cornelius Mac Phaidín, Piaras Coyle, Jodie Doohan agus cuid mhór eile ag cur tús le ré órga Cheiltigh Ghaoth Dobhair. Idir na blianta 1977 agus 1987 bhuaigh siad na gradaim seo a leanas;

Donegal Premier League Winner

1979, 1982, 1985, 1986

Top Four Competition Winner

1978, 1981,1983

I.A.W.S Winner

1978, 1982, 1983

Ulster Junior Cup Winner

1979, 1984

Bhí cuid mhór buanna acu sa tréimhse seo mar shampla nuair a scóráil siad 117 cúl in séasúr amháin, rud a léirigh go maith an stíl ionsaithe a d’imir siad. Bhuaigh siad Sraith Dun na nGall, an chéad chraobh náisiúnta sa tréimhse seo chomh maith – an Craobh Oscar Traynor (Craobhchomórtais Idirnáisiúnta Soisearach). D’imir seisear ón chlub sa cluiche ceannais, Dónal Mac Aoidh, Donnchadh Mac Niallais, Doalty Mac Suibhne, Jerry Coyle, Pat Doohan (ar slí na fírinne) agus Hughie Rua Ó Gallachóir a bhí mar chaptaen ar an fhoireann ar an lá.

Sa bhliain 1986 chuaigh an chlub agus mhórchuid de chlubanna Príomhshraith Dún na nGall le imirt in Sraith Uladh Sinsearacha. Faoin am seo bhí cuid mhór de na imreoirí is fearr a bhí acu ag teacht go deiridh a ré mar imreoirí agus bhí deacrachtaí acu imirt ag an leibheál seo. Sa bhliain 1995 shocair an chlub dul arais go dtí Príomhshraith Dún na nGall. Fuair an chlub fríd go dtí’n cluiche ceannas den Craobh Soisearach ach bhí an bua ag Calry Bohs, Sligeach sa comórtas náisiúnta. An bhlian céanna bhuaigh siad Craobhchomórtas Soiseasarach Uladh nuair a bhuail siad Gleann Eacha (Glenea?) Aontaithe sa chluiche ceannas. An bhliain dar gcionn bhuaigh acu ar Cheiltigh Cnocán Coc. Chuaigh siad tríd tréimhse eile crua ar feadh deich mbliana agus fiú chaith siad tamall sa Chéad Roinn.

Ulster Junior Cup Winner

1995, 1996

Rinne Hughie Rua iarrachtaí an chlub a thabhairt arais go dtí na h-éachtaí a bhain siad amach i lár na 1970í, ag toiseacht arís ag díriú ar óige an cheantar. Sa bhliain 2005 bhuaigh an fhoireann sóisearach an tSraith Shóisearach agus Craobh Óige Uladh, chaill siad i gcoinne Fanáid Aontaithe sa tSraith..

Sa bhliain 2006 chríochnaigh siad sa dara háit le Fanáid ag buachaint an tSraith agus an Craobh. Bhí ról lárnach ag imreoirí an fhoireann sóisearach san fhoireann sinsearach an bhlian dar gcionn mar shampla Paul Mac Giolla Easpaig, Eamon Curran, Paul agus Micky Curran, Micheál Mac Ceallabhuí, Colin Ferry, Gary Whoriskey agus Matthew Smith. Bhí na himreoirí óga seo fos ag brath ar taithí agus ábaltacht imreoirí níos síne cosúil Georgie Doherty, Kevin Friel, Liam agus Pól Mac Giolla Bhríde, Ciarán Ó Fearraigh, Damien Ó Sullivan agus Proinnsias Forker. Bhí an chlub iontach dóchasach faoin todhchaí.

Youth League Winner

2005

Cé gur bhain siad gaiscí amach ar an pháirc imeartha bhí áiseanna an chlub don pháirc go holc. D’éirigh sé soiléir go mbeadh orthu na háiseanna a uasdátú dá mbeadh siad ag dréim le imreoirí óga a mhealladh go dtí’n chlub. Ceannaíodh talamh ar an Screabán, in aice leis an Eastáit Tionsclaíóchta sna 1990í. Chaith siad an chéad cúig bhliain déag eile ag forbairt timpeallacht spreagúil don todhchaí. Tógadh clubtheach nua, páirc astro le cois páirc imeartha nua ar an láthair. Ní bhéadh seans an fhorbairt seo a dhéanamh gan tacaíocht agus charthanacht muintir Ghaoth Dobhair. Bhí muintir na paróiste i gcónaí sásta tacaíocht a thabhairt nuair a bhí an fhorbairt chun cuidiú le óganaigh an cheantar. Bhunaigh an chlub suíomh gréasáin, www.gweedoreceltic.com chun an diaspóra agus baill aitiúil a choinneáil suas chun dáta ar caidé a bhí ag tarlú sa chlub agus chun léiriú an tábhacht a chur siad le stair brodúil an chlub. 

Mheall na háiseanna nua aimseartha seo imreoirí nua, rud a chur leis an fuinneamh a bhí sa chlub. Bhuaigh Ceiltigh Ghaoth Dobhair Sraith Dún na nGall sa bhliain 2011 agus Craobhcomórtas Dún na nGall sna blianta 2010 agus 2011 faoi stiúir foireann bainistíochta nua faoi Hughie Rua Ó Gallachóir, Paddy Duggan agus Dónal Mac Aoidh. Fuair an chlub aitheantas don obair uilig a rinne siad nuair a bhuaigh siad Gradam Club na Míosa ón FAI sa bhliain 2012.

Donegal Premier League Winner

2011

Donegal League Cup

2011, 2012